Con Magees beat new boys Laochra Loch Lao

O’Neills Antrim Football League Division 3

Con Magee’s Glenravel 2-14 Laochra Loch Lao 0-5

By Seamus McAleenan

 Laochra Loch Lao are still in search of their first points in the Antrim Division 3 Football league after this game in Fr Maginn Park Glenravel.

Bhí siad in iomaíocht le ceann de na foirne is láidre sa tsraith agus is beag seans a shíl siad a bheith acu go háirithe nuair a bhí an cluiche as baile – ach mar sin féin, thug siad taispeántas maith agus tá comharthaí beaga le sonrú go bhfuil an caisleán á thógáil de réir a chéile.

Cé go raibh an lámh in uachtar ag an fhoireann bhaile i rith an chluiche, d’oibrigh na cosantóirí go fíorchrua i rith an ama agus choinnigh siad an scór thíos go maith.

Bhí Seán Mac Corraidh cruinn go maith ó na saorchiceanna ach ba bheag tacaíocht a bhí ag Ciarán Ó Crothair sna tosaithe agus bhí cosantóirí Chonn Mhig Aoidh ábalta smacht a choinneáil air.

Eamon Fyfe did a lot of damage during the opening 20 minutes, picking off all 1-5 of their scores as they took control at 1-5 to 0-1 (saorchic fíormhaith ón taobh line ag Sean Mac Corraidh).

Conor Carey broke the Fyfe sequence when Martin McCarry kept in play a no-hope ball and picked him out with a fist pass before Fyfe and MacCorraidh pointed frees at each end to complete the first half scores : 1-7 go 0-2.

Shocraigh Laochra Loch Lao iad fein go maith ag an sos agus níor éirigh le Fyfe cur leis an damáiste a rinne sé do chlár na scóranna sa chéad leath. Cé gur aimsigh Declan Traynor dhá chúilín breá sa chéad chúpla bomaite, bhí Diarmuid Ó hArtagáin agus Cormac Táillúir ag teacht amach arís agus arís eile agus seilbh acu ar an liathróid.

The home side sent in two subs midway through the second half and both, Eoin McCusker and Conor McNeill, contributed well to opening the play up. McNeill fired over two points, one a free, and McCusker started the move down the left wing that led to the team’s second goal; he played a long ball into the corner for Eamon Fyfe to take possession, cut in at speed along the end line and deliver the perfect pass for Martin McCarry to blast home.

Shábháil Jody Ó Catháin go maith ó Declan Traynor go luath ina dhiaidh sin agus d’éirigh leis na cuairteoirí teacht chun tosaigh a aimsiú trí chúilín eile sna 10 mbomaite deireanacha.

Con Magee’s : Sean O’Boyle, Conor Carey Jun 0-2, Paul McCurry, Michael Laverty, Gareth McKeown, Neil McCafferty, Ciarán O’Connor, Conor Carey sen., David Higgins, Declan Traynor 0-2, Kieran McKeown, Jonathon Fyfe 0-1, Eamon Fyfe 1-6, 0-3 frees, Martin McCarry 1-0, Niall Swann.

Subs used : Conor McNeill 0-2, 0-1 free, Eoin McCusker, Aidan O’Donnell, Conleth O’Loan, Charley Henry

Laochra Loch Lao : Jody Ó Catháin, Conor McCaffery, Diarmuid Ó hArtagáin, Cormac Táilliúr, Sean Mac Brádaigh, Marcus Ó hEochaidh, Adam Alysbury, Seán Mac Corraidh 0-5 saoranna, Déaglán Ó Grianna, Mícheál Ó Dálaigh, Feaerghal Mac Ionnrachtaigh, Éamon Mac Lochlainn, Roibeirt Mac Siacáis, Ciarán Ó Crothair, Pádraig Ó Tiarnaigh.

Ionadaithe : Fiachra Mac an Bhiocaire, Tarlach Barclaigh

Réiteoir : Sean McAtamney (Tír na nÓg)

Leave a Reply

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.